Scoil: Árd an Rátha (uimhir rolla 1733 or 12242)
- Suíomh:
- Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Caiside
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd an Rátha
- XML Leathanach 331
- XML “Moll Dubh an Ghleanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)IVCé siúd amuigh a’ cur faobhair ar a ghuth
Síor chur mo chodladh i ngabhail [(inia)???] damh
‘S mise Moll Dubh a Ghleanna leig tusa isteach mé
Go ndeanaidh sinn tamall a’ chomhrádh
A Ríoghain is a shearc caidé déanfainn leat
Mar bpógfainn go ciúin do bhéilín
‘S go mbeidh púdar dhubh dá sgaoileadh linn to túigh
‘Gus is féidir go ndéanfar ar bplúchadhV
Is ag Mol Dhubh a’ Ghleanna atá mo chroidhe-se i dtaiscidh
Is í nach bhfuair ariamh guth no náire
Gur dhubhairt sí liom ar maidin
Do chomhrádh mhúinte mhaiseach [inthigh?] ‘s na tuit i ngrádh liom
Ní fhuil a’n mhac mharcuigheacht’ ó B’la-Cliath go Corcaigh
A’s ó shin síos go hUibh Uí Mhainle
Nach bhfuil ag triall ‘un a’ Ghleanna ar eachraigh slíocaidhe sleamhnach
Dúil leis an bhean dubh fhagháil annVIDá bhfaghainn-se bean ó’n phrionnsa, bean eile fhagháil ó impire
Cailín óg ó Righ na Spáinne
Nighean Madam Biongiun í bheith na suidhe liom
Bean agus dhá mhíle bó léithe
Nighean óg an Iarla agus í bheith taobh thiar damh
Dá mo iarraidh-se fhagháil le pósadh
Dá bhfagainn-se ar mo roghain de mhnáibh deasa an domhain
Sí Mol Dubh a’ Ghleanna a bfearr liom- Bailitheoir
- Seán Ó Caiside
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Conn Mac a' Ghoill
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Áighe, Co. Dhún na nGall