School: Árd an Rátha (roll number 1733 or 12242)

Location:
Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Seán Ó Caiside
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 331

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 331

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd an Rátha
  2. XML Page 331
  3. XML “Moll Dubh an Ghleanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    IV
    Cé siúd amuigh a’ cur faobhair ar a ghuth
    Síor chur mo chodladh i ngabhail [(inia)???] damh
    ‘S mise Moll Dubh a Ghleanna leig tusa isteach mé
    Go ndeanaidh sinn tamall a’ chomhrádh
    A Ríoghain is a shearc caidé déanfainn leat
    Mar bpógfainn go ciúin do bhéilín
    ‘S go mbeidh púdar dhubh dá sgaoileadh linn to túigh
    ‘Gus is féidir go ndéanfar ar bplúchadh
    V
    Is ag Mol Dhubh a’ Ghleanna atá mo chroidhe-se i dtaiscidh
    Is í nach bhfuair ariamh guth no náire
    Gur dhubhairt sí liom ar maidin
    Do chomhrádh mhúinte mhaiseach [inthigh?] ‘s na tuit i ngrádh liom
    Ní fhuil a’n mhac mharcuigheacht’ ó B’la-Cliath go Corcaigh
    A’s ó shin síos go hUibh Uí Mhainle
    Nach bhfuil ag triall ‘un a’ Ghleanna ar eachraigh slíocaidhe sleamhnach
    Dúil leis an bhean dubh fhagháil ann
    VI
    Dá bhfaghainn-se bean ó’n phrionnsa, bean eile fhagháil ó impire
    Cailín óg ó Righ na Spáinne
    Nighean Madam Biongiun í bheith na suidhe liom
    Bean agus dhá mhíle bó léithe
    Nighean óg an Iarla agus í bheith taobh thiar damh
    Dá mo iarraidh-se fhagháil le pósadh
    Dá bhfagainn-se ar mo roghain de mhnáibh deasa an domhain
    Sí Mol Dubh a’ Ghleanna a bfearr liom
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Caiside
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Conn Mac a' Ghoill
    Gender
    Male
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Áighe, Co. Dhún na nGall