School: Árd an Rátha (roll number 1733 or 12242)

Location:
Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Seán Ó Caiside
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 326

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 326

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd an Rátha
  2. XML Page 326
  3. XML “Amhrán na mBréag”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Amhrán na mBréag
    Chonnaic mé an teampall dá dhéanamh sa tonn udaigh thiar
    Bhí an ruacán gan aithbhéil ag briseadh cloch ag na thaobh
    Bhí gainneamh ar charr ann agus báirneach dha measgadh fríd aol
    Bhí reithe as an Spáinn ann agus bárd ag seinnm ar phíob
    II
    Chonnaic mé indé a’s mé mo shuidhe ar stól
    Oiread cnoic sléibhe ar [mhéis?] ar thábla i seomra an ríogh
    Bhí iolar ag screachan indiaidh a bheith rósta mí
    Agus Muilcann Uí Néill ag éiliughadh pósta ar mhnaoi
    III
    Chonnaic mé dís shiar ag croigeadh na mónadh
    Seangan a’s daol síor a’ chur troda ar an leamhan
    Bhí feadóg a’s naosg ann píopaí fada ‘na ndórnaibh
    Bhí cullach [col-bhoc/cul-phoc ?] ar chliathadh ‘gus é síor’ chur sneacht’ as a shrón
    IV
    Chonnaic mé an pápa ag cárdal barraigh Dia Luain
    Bhí seilide ag parrail [páráil?] sráid i Londún le tuaigh
    Bhí Corcaighigh ‘na mbád ag snámh ar mhullach a’ tSléibhe Ruadh
    Bhí muileann as ceárdcha i lár na cruite [na Cruite (logainm)?] ar an [chuaich?]
    V
    Chonnaic mé iad Dia Domhnaigh a’ romhar na gcnoc udaigh thall
    Dubhán alla a’s bróga air a’s ba bhródamhail é réidhteach a chinn
    Seangan a’s cóiste air a lóduigheacht cloch as an pholl
    Cneamhar [creabhar?] i gceann an chró iarainn, é corruighthe a’s hata ar a cheann
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Caiside
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    An Geinealach Beag
    Gender
    Male
    Address
    Mín an Chearrbhaigh, Co. Dhún na nGall