Scoil: Árd an Rátha (uimhir rolla 1733 or 12242)
- Suíomh:
- Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Caiside
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd an Rátha
- XML Leathanach 326
- XML “Amhrán na mBréag”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Amhrán na mBréag Chonnaic mé an teampall dá dhéanamh sa tonn udaigh thiar
Bhí an ruacán gan aithbhéil ag briseadh cloch ag na thaobh
Bhí gainneamh ar charr ann agus báirneach dha measgadh fríd aol
Bhí reithe as an Spáinn ann agus bárd ag seinnm ar phíobII
Chonnaic mé indé a’s mé mo shuidhe ar stól
Oiread cnoic sléibhe ar [mhéis?] ar thábla i seomra an ríogh
Bhí iolar ag screachan indiaidh a bheith rósta mí
Agus Muilcann Uí Néill ag éiliughadh pósta ar mhnaoiIII
Chonnaic mé dís shiar ag croigeadh na mónadh
Seangan a’s daol síor a’ chur troda ar an leamhan
Bhí feadóg a’s naosg ann píopaí fada ‘na ndórnaibh
Bhí cullach [col-bhoc/cul-phoc ?] ar chliathadh ‘gus é síor’ chur sneacht’ as a shrónIV
Chonnaic mé an pápa ag cárdal barraigh Dia Luain
Bhí seilide ag parrail [páráil?] sráid i Londún le tuaigh
Bhí Corcaighigh ‘na mbád ag snámh ar mhullach a’ tSléibhe Ruadh
Bhí muileann as ceárdcha i lár na cruite [na Cruite (logainm)?] ar an [chuaich?]V
Chonnaic mé iad Dia Domhnaigh a’ romhar na gcnoc udaigh thall
Dubhán alla a’s bróga air a’s ba bhródamhail é réidhteach a chinn
Seangan a’s cóiste air a lóduigheacht cloch as an pholl
Cneamhar [creabhar?] i gceann an chró iarainn, é corruighthe a’s hata ar a cheann(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Caiside
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- An Geinealach Beag
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín an Chearrbhaigh, Co. Dhún na nGall