Cití Ní Ghadhra
Tá an Éirne ar buile a’s an tSionainn go léir faoi smúid
Ó d’éag sí an bhruinneal bhí cumasach lán de’n stuaim
A leithéid níor geineadh ó Dhoire go hÁrainn Mhóir
‘Sé mo léan mar d’imthigh sí Cití Ní Ghadhra uaim
II
Tá dá thaoibh an tighe gan caoi a’s a lár gan dóigh
Ó d’imthigh mo nighean ‘sé sílim go [deachaid?] oirthi fóid
Gruaidh dhearg mar grísg ná dteidh oirthi smál go deo
Tá an arraing dá mo chlaoidh, ní saoghalach mé ráithche beo
III
Cití gheal mhín nach aoibhinn duit-se gach lá
I bhFlaithis na Naomh an áit ab ‘fuil na mílte anam gan smál
Ní mar sin a bhím ach ag íoc mo chortha gach lá
‘Gus ins an talamh ‘na luighe tá mo mhian a’s mo charaid thar mnáibh
(leanann ar an chéad leathanach eile)