II Nuair a théidhimsa go taigh na cuairte ní a déanamh suairceas a théidhim ann Acht ar acht buaileadh suas le mo stuagh cailín donn A's a Ríogh nach mé'n trúaighe go bhfuil an rúaig orm as gach tom Ó! gur fada liom go rabh mé a' gluaiseacht le mo rún-searc fa'n choill III Sláinte romhat a Neillí céad fáilte romhat a Bhrighid Sláinte roimh an deagh-mnaoi ar siubhal mé léithe i dtús mo shaoghail Nuair a théidhimsa amach 'na' gháiridh tig dólus orm faraor Ag smaointeadh ar aoibh an gháire bhíos ar ghradh gheal mo chroidhe IV Dá mbéadh litir ó'n Rígh agam sgríobhtha ann mo dhorn Le mé pósadh ar an Sweetheart atá ar an taobh seo de'n Bhaile Mhór Mar bhí sí ladhach croidheamhail agus dúil aice anns an spórt Acht anois tá an pósadh déanta a's mo bheannacht fhéin leis an taos óg.
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha. Stair |
Athraigh »
I Thiar i gConnachta a bhfuair mise eolas ar na mna 'S i mBéal Atha Seánaigh a d'ól mé leobhtha arís mo sháith Dar bhrigh mo bháis mur leigfidh sibh damhsa anois már táim Déanfaidh mé cleas a rachas fa rún ar lán
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha. Stair |
Athraigh »