Scoil: Árd an Rátha (uimhir rolla 1733 or 12242)
- Suíomh:
- Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Caiside
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd an Rátha
- XML Leathanach 312
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí mé lá breághsamhraidh ar chois na boinne thiar ¶ Thárlaidh orm an ainnir óg a's í baint na sméara ó'n chraoibh”
(ar lean ón leathanach roimhe)I
Bhí mé lá breágh samhraidh ar chois na Boinne thiar
Thárlaidh orm an ainnir óg a's í baint na sméara ó'n chhraoibh
Ba ghile a píob na hálaidh bhán [eala] a's ba dheirge grúaidh nó na rós
Nár costasach na róbs a bhí ar mo chailín borramhail bhán
II
Agus luigh mé síos taobh thiar dí mar 's bhí mé breoite tinn
D’fhiafraigh mé go h-íseal dí an dtochasfadh sí mo cheann
Tá na céadtaí fear i ngrádh leithe go bráth nach dtig ‘un chinn
Má thug me grádh do Mháire bhán níl cas ar bith liom annIII
Shiubhalfainn oileán Éire leat agus talamh na Gréige thall
Rachainn go bhárr an t-sléibhe leat dá m’ bhfhéidir damh fhághail ann
Agus phósfainn gan bó ‘s gan spréidh thú
Acht cead síneadh le do chumIV
Dá mbéadh sí slat gan duilleabhar agam a lúbadh as a bárr
Chuirfinn í ar Mháire bhán aniar fá na lár
Sí sin an t-aon t-snaidhm cheangal a chuirtear ar a lán[?]
Seacht n-anam do chum a Mháire bhán cuir tharaim anall do lámhV
Tá brón ar an tsean-dhuine nach gceannuighim tuilleadh de bhuaibh
Tá na sléibhte fada farsainge aige agus airgead go leór
Da mba leisean dúithche Chonaillin agus páirt de’n Bhaile Mhór
Thréighinn féin an seandhuine agus leanfinn an buachail ógVI
Is truaigh gan mise i Muineachan mo shuidhe ar bhárr an fhéir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Caiside
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Conn Mac a Ghoill
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Áighe, Co. Dhún na nGall