Scoil: Árd an Rátha (uimhir rolla 1733 or 12242)
- Suíomh:
- Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Caiside
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aníos an camhsa. D’éirigh sé agus chuir isteach sa stábla é. Annsin chruinnigh sé na comharsanaigh go bhfeiceadh sé caidé dhéanfadh sé. D’iarr siad air dhul fhad le buisteóir agus croicne caorach a fhághail ua. D’innis sé a sgéal do’n bhuisteóir agus dubhairt sé sin go léigheasfadh sé an beathadhach dá ndíoladh sé ar a shoin. Gheall an fear go ndéanfadh sé sin. Thug an bhuisteóir leis croicne caorach agus d’fhuigheáil le chéile iad agus chur air an beathadhach iad. Ní rabh i bhfad go rabh an beathadhach leigheasta. Ann sin chuaidh an olann a d’fhás ar an chapaill. Gach uile bhliadhain lomadh an fear fiche punnta olna de’n chapaill. Gnóthaigh sé go maith as meisge an chapaill.