Scoil: Árd an Rátha (uimhir rolla 1733 or 12242)

Suíomh:
Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Caiside

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Cathal Amaideach

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 302

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhí fear óg ann am amháin gurbh ainm dó Cathal Amuideach. Lá amháin chuir a mháthair amach é go teach comhursan fa choinne snáthaide móire. Fuair sé an t-snáthad mhór acht nuair a bhí sé at teacht abhaile chaill sé í. Arsa a mhathair leis, “caidé ‘n fath nar chuir tú i do chuid éadaigh í”. “Dheanfaidh mé sin an chéad uair eile”, arsa Cathal. Lá in a dhiaidh sin chuaidh sé fa choinne cléithe fhuirsidhe agus bhí sé at iarraidh é a chur ‘na chuid éadaigh agus stroc sé ar fad cách. Arsa an mháthair, “caidé ‘n fáth nar chuir tú ar do ghualainn é”. “Dheanfaidh mé sin an darna uair eile˝, arsa Cathal. I gcionn tamaill eile cuireadh é fa choinne capaill agus rinne sé a sheacht ndichill an capaill a chur ar a ghuailnidh agus nuair a bhain sé an baile amach, bhí mo dhuine bocht saruighthe amach. Caidé ‘n fáth ars an mhathair nach ndeachaidh tú a mharcaigheacht air. “Dheanfaidh mé sin an tríomhadh uair eile”, arsa Cathal. Lá ‘na dhiaidh sin chuaidh sé go teach an Ríogh fa choinne tairbh. Fuair sé giota de ropa, rinne adhastar dé, chuir ar an tarbh é agus chuaidh sé suas ar a dhruim ag marcaigheacht air agus nuair a bhí sé ós coinne arus an Ríogh, thosuigh an tarbh ag léimnigh agus ag rith. Chonnaic nighean an Ríogh é agus bhris racht gáiridhe uirthe. Bhí an nighean seo bodhar agus nuair a rinne sí gáire léigheasadh í. Gheall a h-athair go dtabharfadh sé í do’n chéad fhear a bhaineadh gaire aistí, agus

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Teanga
Gaeilge