Scoil: Árd an Rátha (uimhir rolla 1733 or 12242)

Suíomh:
Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Caiside
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 293

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 293

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd an Rátha
  2. XML Leathanach 293
  3. XML “Scéal - An Domhan agus na Flaithis”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    atá i ndith ort. Chuaidh sé síos agus bhí sé 'na sheasamh gan duine le n-iomchur. Chualaidh sé scairt and d'amharc sé thárt. Ní fhacaidh sé duine ar bith. Annsin thionntuigh sé thárt agus chonnaic sé gasúr beag ag na thaoibh. Dubhairt sé leis an ghasúr nach rabh sé mór go leor chur ar a dhruim ach'go gcuirfeadh sé faoi na asgaillí é.
    Nuair a bhí sé ag dul treasna bhí an gasur ag Eirigh níos truime agus níos truime air chuir sé cruaidh air é a fhágail thall ar chor ar bith. Nuair a d'fhág sé thíos é aarsa seisean leis an fhasur "Shjíl mé go rabh tú éadtrom acht tcím anois go bhfuil tú trom". "Ní fhuill iongantas ar bith annsin mar is mé an Domhan [?] na Flaithis.
    Bhí Rí Págánach san áit agus droch rí a bhí ann. Chuaidh an mac seo isteach i dteach an righ agus cualaidh an rí go rabh sé istigh. Chuir an rí arm mór saighduirí le na cur ar shiubhal. Arsa duine de's na saighduirí "gabh tusa ar shiubhal agus deirfidh sinne nach bhfuil tusa annseo ar chor ar bith". Bhí an mac seo comh maith as nach rachadh sé ar shiubhal do righ ar bith. Ní raibh aca acht é a thabhairt leobhtha. Chuir an rí 'na sheasah é suas le cloidhe. Chuaidh na saighdúirí ar shiubhal uaidh tuairim is ar míle. Thosuigh siad ag scaoileadh bógha a's saighde air. Níor Bhuail aon cheann aca é.Bhí fearg ag éirigh ar an rí. Chuaidh sé féin agus claidheamh aige leis an fear a mharbhadh. Bhí an rí comhgarach do'n fhear nuair sgaoil saighdúir agus d'fhág an rí ar leath-shúil. Dubhairt an fear léigheanta leis "cuir do mhéar insan fhuil agus ins an chréafóig cuir ar do shúil aus beach tú léigheanta ar an bhumaite. Ni dheanfadh a rí sin, acht bhain sE an ceann de'n fhear léigheannta. Rinne an rí mar h-iarradh air. Léigheasadh mar dhubhras. Thainig buaidhreadh ar an righ agus chuir se ar 'ach uile duine da chlainn a' athrughadh 'na gCríostaidhe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Peadar Ó Breislin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    11
    Seoladh
    Sceadamán, Co. Dhún na nGall