Scoil: Brackey (uimhir rolla 3500)
- Suíomh:
- Breacaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Brackey
- XML Leathanach 243
- XML “Cú Chulainn agus A Mhac”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Sé do na mac amach ó aon chleas amháin, agus bhí a réasún féin aicí le seo. “Cleas as ach builg” a bhí mar ainm ar seo. Sa deireadh dfág sé slán agus beannacht ag na mhathair agus dimthigh ‘na Chraob Ruaidhe.
Chonnaic Cu Chulainn an fear mór a teacht, agus ní rabh fhios aige cérbh é. Chuir sé na fir a bfearr a bhí aige amach ‘un airicis an strainsear, acht cha rabh urradh páisdí ionnta le taoibh an fhir mhóir. Bhí sé ‘ga gcaitheamh na dhiaidh ar a talamh. Nuair a chonnaic Cu Chullainn seo chuaidh sé fhéin ar aghaidh agus thosuig an troid. Ní bhfuigheadh sé lámh an uachtair ar a’n fhear mhor ach abh é an “Cleas as ach Builg”. Sa chleas séo chuireadh an troididhe an t-sleagh idir an ladhar mhór agus an ceann ag na taoibh agus bheireadh sáthad i n-íochtar a bhuilg d’ón fhear os a choinne. Thuit an fear mór leis a’ cleas seo, agus a tuitim dó d’iarr sé ar Cu Chulainn é a leigint síos ar a aghaid le h-eagla go ndeireadh an duine gur a teitheadh a bhí sé.
“Och! Och!!” a Cu Chulainn is dona a d’aithenn tú d’aon mhac.Area Cu Chulainn, “bheirim-sa mo mhallacht do mná an domhain, agus do do mhathair fhéin go h-iomlan. Sé an bheangaoil atá ins na mná a dfág do lanntracha dearg.
“Och, Och”, ar seisean, agus mé ar mire agus mé ag áirduighadh suas mullaigh Sliabh Bulla, ceann mo mhic ann mo láimh dheis a chuid airm as éideadh ins a’(leanann ar an chéad leathanach eile)