Scoil: Brackey (uimhir rolla 3500)

Suíomh:
Breacaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig S. Mac a' Ghoill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 242

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 242

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Brackey
  2. XML Leathanach 242
  3. XML “Scéal Eile fá Ó Dómhnaill agus a Bhean”
  4. XML “Cú Chulainn agus A Mhac”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    tríomhadh h-uair tionntaigh sé a cúl le Ó Dómhnaill, agus chrom un tosaigh :- “gabh ar mo druim annseo”, arsa sise le Ó Dómhnaill. “Ta an spiorad eighinteacht a cur cleasa ann do ceann”, arsa seisean agus é ar a bhealach amach ar a doras. Bhí sise a’ plúchadh na gáiridhe istoigh. Bhí saoghal sona seánmhar aca na dhiaidh sin, agus níor sgar siad ó na chaile na gur sgar a bás iad.
    (Críoch)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí Cú Culainn pósta ann a óige. Bhí an chead duine cloinne le bheith ann, acht ní thiocfadh le Cú Culainn fanacht go mbéadh an leanbh ar a t-saoghal. Beigean dó pilleadh fhad leis an Chraoibh Ruaidh agus ní rabh cinnteacht ar bith aige go bpillfeadh sé a choidhche fad le na bhean. Thug sé fainne duitha nuair a bhí sé ar bhealach imtheacht, agus dubhairt léithe da mba giorsach a bheadh san leanbh go dtiocfadh léithe fhéin í a chongbhail, acht mba gasur a béadh ann, ealadhan cogaidh a fhoghluim dó agus é a chur f annsoir, san nuair a bhéadh an mhear s’aige mór go leór leis an fhainne a líonadh.
    An mhio-shasta a bhí an bean óg Cú Chulainn a bheith d’a fágail mar bhí, agus go la a báis ní bhfuair sé ann a croidhe maitheamhnas a thabhairt dó.
    Gasur a bhí sa leanbh. Dfás sé aníos na fhear bhreág, abalta, agus ní rabh an ghárda, na an bhuille da bhfacaidh an mhathair ariamh ag Cu Chulainn ‘nar thaisbean
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.