Scoil: Brackey (uimhir rolla 3500)
- Suíomh:
- Breacaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Brackey
- XML Leathanach 241
- XML “Scéal fá Ó Dómhnaill”
- XML “Scéal Eile fá Ó Dómhnaill agus a Bhean”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sul a rabh moran caill deanta aca. Dinnis siad dó caidé ba cúis leis. D’amharc sé thar a bhalla an droicid, agus chonnaic sé an mhin ag imtheacht leis a’ tuile. Ní rabh a bhean a dréim leis abhaile ar cor a bith nuair a labhair sé ag an doras.
“A bhean a toighe”, arsa seisean, “mura bhfuil tuilleadh mine agat béidh do bhrachan lom”.
(Críoch) - Ní rabh siad a’ teacht le cheile go ro-mhaith, agus bhagair Ó Dómhnaill go gcuirfeadh sé ar siubhal ar fad í. “Bhal” arsa sise “de thairbhe sin ma chaithim-sa imtheacht ní iarrfaidh mé moran ort - go díreach trí ualach mo dhroma”. Ní mór sin” arsa Ó Dómhnaill, “tá sé na mhargadh”.
I gcionn tamaill bhí tuitim amach eile eatortha, agus d’iarr Ó Dómhnaill uirthí a ghabhail abhaile cuig na h-athair, na nach dtiocfadh leisean a bheith gaibhte léithe ní bfuide.
“Rachaid cinnte”, arsa sise, acht tá shúil agam nach dtearn tú dearmad de ar margad”.
“Ní dheárn, maise”, arsa Ó Dómhnaill, “tug leat é”. Chruinnigh sé an méid óir a bhí fán chaislean, chuir ar a druim é, agus chuaidh amach ar an doras. I gcionn tamaill phill sé, agus chuir na trúir paisdí ar a druim agus amach leobhtha. Nuair a phill sé an(leanann ar an chéad leathanach eile)