Scoil: Brackey (uimhir rolla 3500)

Suíomh:
Breacaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig S. Mac a' Ghoill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 235

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 235

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Brackey
  2. XML Leathanach 235
  3. XML “Billí Bell”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    “Bhfuil tú annsin go fóill” ars an fhaoileóg.
    “Tá”, agus béid”, arsa seisean.
    Rinne sé an cleas ceadna an dara h-uair acht sháruigh uirthí tabhairt air a ghreim a leigint amach. Dar le fear Bhaile ‘Cliath go gcualaidh sé mar bhéadh cainnt ann thuas os a cionn ins an spéir, acht ní rabh an duine le feiceaill. Chuaidh an fhaoileóg suas ní bfuide agus bhí an chainnt ag dul an tosaigh rith an ama. Beirt fhear a bhí ann, ar an taoibh thuas den spéir agus iad a’ buaileadh choirce.
    “Tá rud inteacht ag dul ar aghaidh thíos faoin” ars an fear aca.
    “Sáith síos do bhuailtean sa phoill sin go bhfeicidh tú goidé tá ann”, ars an fear eile.
    Bhí an fhaoileóg ag éisteacht leis a chainnt, agus chonnaic sé an buailtean a’ teacht anuas. “Beir ar a’ bhuailtean sin tamall”, arsa sise, go bhfághbhaidh mise sgríste beag. Rinne fear Bhaile ‘Cliath mar h-iarradh air, agus le sin d’imthigh an fhaoileog, agus dfág annsin é crochta san spéir ar an bhuailtean.
    “Leig amach mo bhuailtean”, arsa fear den bunad bhí-thuas. “A gheall ar a Rígh”, arsa’n fear thíos, “tarraingt suas mé na ní bhéidh mé i n-inmhe mo ghreim a chongbhail moran nios fuide”.
    “Caidé mar thiocfadh liom”, ars an fear thuas, “tú a tharraingt aníos fríd poll taracra”.
    “Leig amach mo bhuailtean na gearrfaidh mise an tuga”, arsan fear thuas arais.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraic Mac a Ghoill
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Dómhnall Ó Gallachobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cnoc na gCapall, Co. Dhún na nGall