Scoil: Brackey (uimhir rolla 3500)
- Suíomh:
- Breacaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Brackey
- XML Leathanach 233
- XML “Billí Bell”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)luthghair a bhí sé an lá a dfág sé an baile a dul chuig an Tighearna le lán mála airgid. Ar a bhealach bhuail tuirse é. Dfág sé síos a mála, agus chuartuigh ardán deas tirm le suidhe air. Fuair sé sin geota ó’n áit ar fhág sé uath an mála. Chaith sé é fhéin síos ar shlat a dhroma. Ní rabh aindeis na annró an t-saoghail a tabhairt a dhath de bhuaidhreadh dó. Caidén fáth go ndeánfadh? na bhéadh sé fhéin na fhear uasal ón lá sin amach.
Shíl sé gur mhothuigh sé torman inteacht. Thóg sé a ceann, agus goidé tcí sé acht madadh ruadh ag imtheacht de ghlan rása agus an mála airgid leis ann a bhéal. D’éirigh sé de léim, tith an méid a bhí ann a cnámha indiaidh an mhadaidh ruaidhe, acht sin a rabh aige ar a shon ní thiocfadh leis fághail suas leis. Mhair an rása anuas cnoc, agus suas cnoc, anonn agus anall, trasna sléibthe agus gleannta nó go dtainig siad go cladach na fairrge. Amach ar a tráigh leo, agus thart faoí na beanna. Dar leis go rabh an madadh ruadh a tabhairt suas, gheobhadh sé greim air bomaite ar bith. Bhí sé ráidh lé na láimh a leagaint air nuair dfosgail poll os a choinne, agus síos leis an madadh ruadh, mála airgid agus eile. Dhroid an poll arais agus bhí fear Bhaile Cliath annsin leis fhéin.
Thoisigh sé a tochailt san áit a dteachaidh an sionnach as amharc. D’oibir sé leis go dícheallach, fíochmhar gan amharc roimhe na na dhiaidh, soir na siar. Bhí sé shíos ins a pholl nuair a thoisigh an t-uisge a shileadh isteach air. Léim sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraic Mac a Ghoill
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Dómhnall Ó Gallachobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cnoc na gCapall, Co. Dhún na nGall