Scoil: Brackey (uimhir rolla 3500)
- Suíomh:
- Breacaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Brackey
- XML Leathanach 232
- XML “Billí Bell”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aige deireadh a chur le tromluidhe Bhillé. Caithfidh se go bfuair Billé lideadh inteacht caidé bhí ar chois – cogarnach a chuala sé idir a bheirt is dóichtha – acht i gcás ar bith, ma bhí siad san gnoitheach ní rabh Billé díomhaoin ach oiread.
I leabaidh na clúide a bhí fear Bhaile Cliath le codladh, agus nuair a fuair sé fhaill idir sin a’s am luighe chuir Billé a dhóigh fhéin ar a’ leabaidh. Bhain se cupla pionann dén luachair a ba ghlaise sa pháirc, agus thug isteach iad i gainfios. Idir sin is tráthas níor fhág sé suipín cochain sa leabaidh nar bhain sé amach, agus chuir an luachair ghlas i n-áit. “A bhuachaill mhodhamhail”, arsa Billé leis fhéin, “tá oidhche ar ríribh romhat-sa”. Chuaidh siad a luighe, acht siúl níor dhruid Billé acht a fuireacht leis a ghreann, a bhí fhios aige a d’éireocadh ar ball, na níor chodlaidh an duine ariamh ar luachair ghlais nach dtiocfadh tromluidhe air.
Bhí cliamhain Bhillé tuirseach indiaidh a thurais agus ní rabh sé moran le sínte sa leabaidh nuair a bhí sé ‘na cnap coladta, agus thoisigh an bhreongloideach. Shíl sé go dtainig Tighearna Talaimh chuiga, agus go dtug an Tighearna maoirseacht a dhúthaige dó. Bhí an cíos le cruinnuighadh aige achan bhliadhain, agus nuair a bhéadh an t-airgead uilig istoigh aige gheóbhadh sé cuig céad punnta dó fhéin. Bhí go maith a’s ní rabh go h-olc.
An luthghair a shíl sé a bhí air leithidh a phosta a theacht ‘un a bhealaigh. Chuaidh sé i gcionn oibre, agus d’éirigh go h-an mhaith leis. chruinnigh sé deireadh. Lán(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraic Mac a Ghoill
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Dómhnall Ó Gallachobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cnoc na gCapall, Co. Dhún na nGall