Scoil: Brackey (uimhir rolla 3500)

Suíomh:
Breacaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig S. Mac a' Ghoill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 167

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 167

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Brackey
  2. XML Leathanach 167
  3. XML “Tortha Draoi”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    V
    A mháire bheag a stóirin nach mairg dúinn a pósadh
    Agus a bheith ag dul a chómhnuidhe go Tortha Draoí.
    A bheith ag dul a chómhnuidhe i bothan gan fhóghnamh
    Sgus aon dath beo dó acht a prop atá faoí.
    VI
    Chleacht mise loisdin i dteach ghlan dhóigheamhail
    Nach leigfeadh an deór de’n fhearthainn a dhul fríd,
    Bhí cruithneachta gus eorna ann, min ag ‘ul i gcófhraí
    Barraillé a dtabhairt ‘na mhargaidh agus ‘’dá ndíol.
    VII
    Cuirimh brón ar an áit udaidh is mairg dúinn a dfág é,
    A dtig úbhlaí ann, áirna, tortha agus súg-chraobh.
    A mbíonn an eilit agus a chlann a rinnceal fríd na gleanntain,
    Madadh-ruadh ‘sa choill, an broc gus an míol-buidh.
    VIII
    Bíonn a luch agus a h-ál ann, searrach ag an lair ann,
    Banbhfan ag an chráinn, agus leanbh ag an mhnaoí.
    Bíonn na bric ag éirghe in-áirde, an sugh ag dul le fánaidh.
    Nach ró-dheas an áit a bhí i dTortha Draoí.
    IX
    Siubhail mise cuantaí agus bailte móra, sleíbhta cheoigh
    Agus móinta fraoich.
    Ag iarraidh tuairisc an nid nach bfuair mé
    An cailin stuamdha a chrádh mo chroidhe.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraic Mac a Ghoill
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Anna Bean Uí Dhómhaill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    75
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Sceadamán, Co. Dhún na nGall