Scoil: Brackey (uimhir rolla 3500)
- Suíomh:
- Breacaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D’ith an mactíre i n-aon ghreim é.
Nuair a bhí a sáith ithta ag an ghabhar d’iarr sé ar an bhoc bheit léithe abhaile. Dubhairt an boc nach rachadh go rabh dhá mheadal líonta aige agus meadal le líonadh. Thainig sé fhéin anuas. Ag teacht cúl na páirce duitha déirigh an mactíre amach roimpé agus adubhairt :-
An mactíre :- caidé sin suas ort?”
An gabhar :- “Tá mó chum adharcaí”
An mactíre :- “caidé sin siar ort?”
An gabhar :- Tá, mó chum cluasa”
An mactíre :- “caidé sin síos leat?”
An gabhar :- “Tá mó chum sídh”
An mactíre :- “C’aca is fhearr leat ítha cnámha lomairtha a thabhairt ort na tú a itha i n-aon ghreim”.
An gabhar :- Is fhearr liom mé a itha i n-aon ghreim”
D’íth sé i n-aon ghreim í.
Nuair a bhí a sháith ithta ag an bhoc thainig sé fhéin anuas. Ag teacht thart cul na páirce dó d’éirigh an mac tíre amach agus dubhairt,
An mactíre :- “Caidé sin suas ort?”
An boc :- Deán fiafruigh ort.
An mactíre :- Caidé sin siar ort?”
An boc :- Deán fiafruigh ort”
An mactíre :- “Caidé sin síos leat?”
An boc :- “Deán fiafruigh ort”
An mactíre :- “C’aca is fhearr leat itha cnamha lomairte a thabhairt ort na tú a itha i n-aon ghreim?”(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraic Mac a Ghoill
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Anna Bean Uí Dhómhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 75
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Sceadamán, Co. Dhún na nGall