Scoil: Brackey (uimhir rolla 3500)

Suíomh:
Breacaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig S. Mac a' Ghoill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 148

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 148

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Brackey
  2. XML Leathanach 148
  3. XML “An Saighdiúir ar Coinníodh na 9d uaidh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    sa teach sin bhí cipin leis or maidin”.
    “Caidé a thainig ortha” arsa’n saighdiuir.
    “Níl annteacht ar bith air” a dfreagair a fear eile, acht tá sé deanta amach gur taidhbse uatbhasach da chineal eighinteacht atá ann”.
    “Mar bhfuil ann acht taidhbhse, arsa saighdiuir, “Níl binn agamsa air. Ariamh go fóill ní fhadaidh mé aon seórt, beo na marbh, a sgannrochadh mé fuireochaidh mé an oidhche sa teach bán”.
    Ag dul ó sholas do chuaidh sé fhad leis an teach. Bhí ach uile sheórt réid fa na choinne mar bhí leabharthaí le leighean píopa agus tobaca, tréan le h-ithe agus neart le h-ól. Níor thárluigh dath a dteárn sé iongantas dó go dtainig uair a mheadon oidhche, agus ar an bhomaite thoisigh an torman madramhail shuas a’ staighre. Thainig sé leis anuas agus le sin fosclaidh an doras agus siubhailidh an fear mór dúbh isteach. Shuidh sé ar chathaoir gan duirm na dairm a leigint as. Thoisigh an saighdiuir a chuir seanacaisg air acht sin a rabh aige ar a shon.
    “A bhuachaill dhuibh”, arsan saighdiuir, “dá mbeithea deic h-uaire níos gruamdha i gcuma, agus céad uair níos dímúinte na ta tú cha gcuirfea eagla orm-sa. Tá fear da mo dhíol-sa leis an oidhche a chaitheamh annseo, agus bheirfidh mise fios dó ar maidin a mbárach gur fuí an t-airgead mé”.
    Le sin thug sé leis chain iarainn. Cheangal sé an fear dubh den leabaidh, agus thart fa na chum fhéin chórnuigh sé an ceann eile den chain. “Anois a bhuachaill mhodhamhail”, arsa seisean, ma imthigheann tú ní ar an uaigneas na bádh muid uilig leat”. Rith an ama níor fhoscail an fear dubh a bhéal agus níor labhar sé focal. Caitheadh an oidhche mar sin na gur
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    AT0952: The King and the Soldier
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraic Mac A' Ghoill
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Seán Mac A' Ghoill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    69
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Áighe, Co. Dhún na nGall