Scoil: Brackey (uimhir rolla 3500)
- Suíomh:
- Breacaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dá ghunna agus rinne mé sticiní de’n t-seachtar, agus le na gcóis an fear agus an bhean ruadh”.
“A n-aithneochtha an fear uasal sin arais”, ars an Rí.
D’aithneochainn i n-áit ar bith é” ars an saighdiuir.
Le sin bhain an Rí an coróinn d’a cheann. “An bhfeiceann tú anois é” arsa seisean. Téim gan amhras” ars an saighdiuir na na shuidhe annsin roimhe ar an chathoir ríoghamhail bhí an fear cheanann cheadna a rabh sé ann a chuideachta bunadhas a chasain ón bhaile.
“D’innis tú an fhírinne i gcás ar bith”, ars an Rí, “bhí mise ariamh mo chladhaire i ndáinncear, agus tá go fóill, acht mar tá fhéin is damh fhéin a h-innstear . Tá meas agam ar fhear mhaith, agus is duine aca san thusa ó bun go barr. Gheobhaidh tú do cheart agus tuilleadh le na chós agus is maith an airidhe ort é. Ó seo amach béidh tú fhéin do oifigeach. Thig leat an Paymaster a bhriseadh agus an posta sin a thabhairt da do rogha fear. Fágaim slán agat anois. Seo sparan duit agus bhí cúramach fa dtaoibh de tá do naoi bpighna istoigh ann”.
Ní deachaidh an saighdiuir thar an geafta go dtearn sé suas a intinn gur ceart do na naoi bpigna a chunntas. Nuair a dfosgail sé an sparan bhí sé lán de ór.
Ar a bhealach na bhaile chuaidh sé fad le teach le lóisdin na h-oidhche a iarraidh. “Bheúrfaidh mé sin duit agus fáilte”, arsa fear a toighe, “agus níos fearr na sin bheúrfaidh má céad punta duit ar maidin acht tú an oidhche a chritheamh san teach bán sin thall. I dtus báire is cóir damh innse duit go mbéidh tu i ndainnsear na le bliadhain thart duine ar bith a chaith oidhche(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraic Mac A' Ghoill
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Seán Mac A' Ghoill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Áighe, Co. Dhún na nGall