Scoil: Brackey (uimhir rolla 3500)

Suíomh:
Breacaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig S. Mac a' Ghoill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 146

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 146

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Brackey
  2. XML Leathanach 146
  3. XML “An Saighdiúir ar Coinníodh na 9d uaidh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Chuaidh an doirseoir isteach agus phill gan mhoill thuig an t-saighdiuir le sgéala a dhul isteach i lathair a Ríogh.
    Chuaidh sé ar agaidh fríd halla mór, fosgladh doras dó agus leigeadh isteach é i seomra máiseamhail. Os a choinne anonn bhí an Rí ‘na shuidhe ar chatoir árd agus coróinn órdha ar a cheann.
    “Nach dána an fear tú” ars an Rí, “a leithid da chlampar a thógail annseo”.
    “Mas dunacht é tén adhbar leis”, ars an saighdiuir na rinneadh éagcoir throm orm. Choinnigh an Paymaster naoi bpighna do mo pháige gan ‘sead’ no “ní h-eadh a rabh fa dtaoibh de, agus thainig mé rith a bhealaigh annseo le mo chás a chur romhat-sa [fhéacailt h-cult] a bhfuighinn mo cheart. Acht ab é sin ní bheadh clanpar ar bith ann, agus mar bfhághaidh mise mo naoi bpigne béidh abhfad níos mó ann na níl an fhear i nÉirinn na inIfrionn a dtionntochainn-se mo chúl leis”.
    A dteárn tú éacht ar bith ann do shaoghal a bfún labhairt air” ars an Rí.
    “Innseochaidh mé duit fa eacht a rinne mé aréir féin” ars an saighdiuir. Bhí mé ar a bhealach annseo indé nuair a fuair fear uasal a rabh dhá bheathach agus cóiste leis suas liom. D’iarr sé orm suidhe ag na thaoibh. Ag tuitim na h-oidhche fuair muid lóisdín i dteach a rabh fear agus bean ruadh ann. Teach Rubbairí a bhí ann, acht ní rabh fios againne sin. Ononn san oidhche thainig seachtar fear isteach - Rubbairí uilig. h-Innseadh daobhtha fa dtaoibh dúinne. Bhí siad a dul d’ar marbhadh. Bhí an fear uasal na luighe annsin ar crioth le h-eagla. Bhí dhá Revolver lódailte ann a sheilb acht ní rabh sé i ninibh a dtarraingt. Thóg mise an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    AT0952: The King and the Soldier
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraic Mac A' Ghoill
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Seán Mac A' Ghoill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    69
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Áighe, Co. Dhún na nGall