Scoil: Brackey (uimhir rolla 3500)
- Suíomh:
- Breacaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chuaidh Ruaidhrí a mharcuigheacht agus stad na mór-chómhnuidhe ca dtearn a’ boc go dtainig sé fhad le teach Ruaidhrí. Bhí an doras druidte roimpa. “Mag-gag” ars an boc, “siubhal leat arsa Ruaidhrí. Thug an boc léim fairrge i n-aghaidh an doras, agus chuir isteach go lár an urlar é. Ní rabh an duine le feiceailt sa chistineach agus bhí doras an t-seomhra glasta. “Mag-gag” ars an gabhar, “siubhal leat”, ars a Ruaidhrí. Thug an boc an dara léim, agus dfág sé an doras sin na chunamair. Bhí an maighistir agus bean Ruaidhrí na luighe i leabaidh sa t-seómra. “Mag-gag”, ars an gabhar, “Siubhal leat”, arsa Ruaidhrí. Léim an boc isteach sa leabaidh. Chuir an maighistir lámh leis le na chur amach. Ghreamuigh an lámh de’n ghabhar. “Mag-gag” ars an gabhar, “siubhal leat” arsa Ruaidhrí. Léim an boc amach as a leabaidh agus an maighistir greamuigh dó. Rug bean Ruaidhrí gream ar a’ mhaigistir agus ghreamuigh sise do san, agus ca dtiocfadh léithe fághail réidtigh, “Mag-gag” ars an gabar, “siubhal- leat” arsa Ruaidhrí, agus d’imthigh an t-iomlan amach ar a’ doras agus Ruaidhrí a marcuigeacht rith an ama.
Chuaidh siad na bhealaigh mhóir. Bhí beirt fear annsin, agus asal agus cart leo, agus iad a cóiruighadh an bhealaigh. “A gheall ar Dia sábhail mé”, ars an maighistir le fear an asail. Ní luaithe a chur sé lámh ar mhaigistir na beigean do imtheacht comh maith le duine, agus bhí an t-asal agus a cart greamuigh dó san. Nuair a chonnaic a fear eile a comráduidhe ag imtheacht(leanann ar an chéad leathanach eile)