Scoil: Mín Teineadh Dé (uimhir rolla 8517)
- Suíomh:
- Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Teineadh Dé
- XML Leathanach 57
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí rí ann ám amháin agus bhí dhá mhac aige. Bhí dhá chailín i na gcomhnaidhe gíota uaidh.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Dubhairt sé “muna mbéadh mise annseo maidín (r) í mbárach roimh éirigh na (grep) gréine is féidir leatsa gabhail aon áit is mian leat”. Chuaidh an gasúr na luighe go dtí ceathar a’chlog. D’éirigh sé annsin agus suidhe sé ag an doras.
Nuair a bhí sé h-uaire ina shuidhe d’éirigh an grian agus ní rabh duine ar bith ag teacht. Chuaidh sé go dtí an rí agus bhí a saighdiuirí ag troid lé arm éile. Thug an rí capall dó agus fuair sé a chlaidhamh agus thoisigh sé ag troid leis an (an) arm éile.
Nuair a bhí sé leath-uair ag troid ní rabh duine d’en arm a rabh an rí ag troid le beo. Bhí an áthas ar an rí agus chuaidh sé abhaile. Nuair a bhí an gasúr cupla mí í dteach an rí fuair an rí bás agus thug sé mórán airgid d’on gasúr. Chuaidh an gasúr abhaile agus tá se ina comhnaidhe ann o’n lá sin go dtí an lá indiú.- Bailitheoir
- Prionsias Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Peadar Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall