Scoil: Learga na Saorthach (uimhir rolla 14888)

Suíomh:
Learga na Saorthach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Cathal Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1040, Leathanach 49

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1040, Leathanach 49

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Learga na Saorthach
  2. XML Leathanach 49
  3. XML “Saor Cloiche a Bhí ann Fad ó shin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Saor Cloiche a bhí ann fad ó soin.
    Bhí saor-cloiche ann aon uair amháin, agus bhí sé ag deánamh caisleáin. An méid a bhéadh deánta aige tráthnóna bhéadh sé ar lár ar maidín. Tháinig Oisín, mac Fhinn, agus dubhairt sé leis an saor-cloiche: "Seasochaidh mise ag an bhalla seo go bhfeicidh mé caidé tá ceárr". Sheas sé ag an bhalla.
    Ní raibh sé i bhfad 'na sheasamh go dtáinig tarbh thart. Thoisigh sé ag cuimilt é fhéin leis an bhalla, nó gur leag sé an taobh de'n bhalla. Annsin thoisigh sé agus leag sé na clocha. Mharbhuigh Óisin an tairbh. D'iarr sé ar an saor-cloiche, é a fhéannadh agus giota a chur sá phóta dó-san. Rinne an saor-cloice mar h-iarradh air. Nuair a bhí sé bruithte thoisigh siad ag troid fá dtaobh de. Fuair Oisín ceathramadh de, agus nuair a dith sé é thuit sé 'na chodladh. Acht sul ar chodluigh sé, d'iarr sé ar an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Chuinnea
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Mín an Chearrbhaigh, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Anna Ní Chuinnea
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Mín an Chearrbhaigh, Co. Dhún na nGall