Scoil: Learga na Saorthach (uimhir rolla 14888)
- Suíomh:
- Learga na Saorthach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Cathal Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Báitheadh Luinge Sléibhe Liag.Bhí long ag teacht isteach go Sliabh Liag uair amháin. Nuair a bhí sé giota beug taobh amuigh de'n ait tháinig tonna mór amháin agus shiab sé deire amach as amharc. D'éirigh le fear amhain de'n fuirinn greim daingean a faghail ar charraigh, agus d'fhan sé annsin le tartháil. Baitheadh an chuid eile de'n fuirinn, agus ní facthas iad ní ba mhó. Bhí sagart an naomhta i gCill Chartha 'san am agus thoisigh sé ag brionglóidigh, nó bá í an oidhche a bhí ann agus chonnaic sé sa bhríonglóid fear i bhfastodh i gcarraig. D'éirigh sé ar an bhomaite agus chuaidh se go dtí an áit le tartháil a thabhairt ar an fhear ní raibh ann acht go raibh sé in am le breith beo air. Bhí sé ag faghail bhais agus díarr an sagart air faoisdin a dheanamh. Rinne sé sin agus d'innis sé do'n sagart gurbh é caiptin na luinge é. Bhí mála mhor ar a dhruim ar iomchar leis agus bhí sé lán de airgead agus tug sé do'n sagart é agus díarr air teach-phobail a thógail in a chuimne. Rinne an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Ní Domhnaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cróibh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Padraig Ó Chanainn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cróibh, Co. Dhún na nGall