Scoil: Learga na Saorthach (uimhir rolla 14888)
- Suíomh:
- Learga na Saorthach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Cathal Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus bhí sé ag cailleadh amharc na súil. Dubhairt sé leis an ministúir go rabh eagla air nach mbéadh siad déanta aige i n-am comh gairid sin. Dubhairt an ministúir leis go gcaithfheadh sé iad a dheánamh "Maith go leor", arsa an tailliúir. "Déanfhaid míse mó ditheall", Dimtigh an ministúir abhaile, agus tosuigh an tailliúir ar na brísti. D'fuághail leis i rith na h-oidhche, agus bhí an lá glan ar maid[in] nuair a bhí na brístí déanta aige. Is iomhdha uair i rith na h-oidhche a smaoitigh sé ar an ministúir a bhí na luighe go somasach [!] ar a leabaidh, agus seisean marbh amach ag obair dó. Rinne sé suas a intinn go mbaineadh sé a shasamh as ar dhóigh éiginteacht. Nuair a fuair sé solas an lae, chuaidh sé amach agus cuartaigh sé go bhfuair sé nead seangain. Thug sé isteach iad, agus d'fuagail sé ins na bristi é. Annsin d'imtigh sé go teach an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán Ó Baoghaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Abhainn tSeiscinne, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Padráig Ó Baoghaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Abhainn tSeiscinne, Co. Dhún na nGall