School: Niall Mór (roll number 11843)
- Location:
- Na Cealla Beaga, Co. Dhún na nGall
- Teacher: B. Mac Niallghuis

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 223
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Niall Mór
- XML Page 223
- XML “Sióga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sídeoga. Rugadh agus tógadh Domhnall Mór Dreirleain i mbaile na Gaoiche i bparraoiste Árd an Rach. Fear mór, láidir, árd a bhí ann agus “bell” a bhean bhí sise beag modhamhail agus an mheabhair ann aicí. Bhi figheadoir i gCruinnlinn ag deanam greasain baínín do am amháin agus déirigh sé gann san inneach, mar bhí dlúth go leor aige le cuig na sé slac eile baínín a dheánamh. Chuir sé an fios seo chuig Domhnall. Ní rabh ólann ar bith ag Domhnall sa teach, ach bhí cúpla caora ghiobach aige fahn chroc, agus suas leis le hiad a thabhairt abhaile. Lom sé iad ag fágaibe céaran agus riobóg ar achan chaora. Nuiar a bhí na caoirigh lomth ag Domhnall scairt “bell” isteach comharsain a chuidigh leite an olann a chardail agus a sniomh. Nuair a bhí ceirtlin mór dhá phunnta go leith na níor mó sniomhtha aca dimhthigh Domhnall leis go dtí an figheadóir. Bhí sé ag éirghe dorcha nuair a shroich sé teach an fhigheadóra. Rinneadh tae, hóladh é agus annsin chuaidh an figheadoir fhad leis an tseol leis an ghreasan a chriochnughadh. Bhí an meadhon oíche chor a bheith ann nuair a d’fhág Domhnall an teach ar a bhealach na bhaile agus bhí dhá mhíle na níos mó aige le subhal. Bhí aithgiorra trasna na tragha o Chruimlinn go dtí Crannógbuidhe agus seo an bealach a tháinig sé abhaile. Nuair a bhí sé ag suibhal (ag) ar an traigh faoi(continues on next page)
- Collector
- Philoména Ní Phárra
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Na Cealla Beaga, Co. Dhún na nGall
- Informant
- Brian Mac Uí Niallgais
- Gender
- Male
- Age
- 59
- Address
- Na Cealla Beaga, Co. Dhún na nGall