School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)

Location:
Fionntrá, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 105

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 105

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fionn-Tráigh
  2. XML Page 105
  3. XML “Lag na Fola”
  4. XML “Ráthanna agus Liosanna”
  5. XML “Ráthanna agus Liosanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá liosanna i gceantar na scoile. Tugtar lios, caiseal, ráth agus dún ortha. Tá lios ar an Lairigean, agus tá caiseal i bhFionn Tráigh i n-aice na scoile. Tá Dún Mhurrin i n-Oileán. Tá siad uilig i radharc a chéile. Tá déanamh cruinn ar gach ceann aca. Tá claidhe thart ar gach ceanna aca. Chuadh sgaifte de bhuachaillí na scoile isteach i lios fa gcodla lá amháin, ach níor tharluigh rud ar bith. Ní'l poll ar bith i gceann ar bith ach san cheann seo. Deir cuid de na daoine gur i n-aimsir na bPaganach a rinneadh iad, agus deir cuid eile gur i n-aimsir na Lochlannach a rinneadh iad. Rinneadh iad ar dhóigh is go dtiocfadh leis na fir a bhí ag coimhead namhaid ar bith a fheiceáil, nó bealach na fairrge a thigeadh siad an t-am sin. Níor réabadh nó níor treabhadh aon cheann aca ariamh. Chonnaictheas soillse ar an cheann i Lairigean. Deirtear go gcodluigheaddh na daoine a bhí ag coimhead i gCaisleal Carrach i lios fa gcodla. Ní fhacaidh aon duine rud ar bith thart ortha ariamh. Deir na daoine fósta go bhfuil óir ins na liosanna seo.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.