Scoil: Meenacahan (uimhir rolla 6063)

Suíomh:
Mín Uí Chatháin, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Brigid, Bean Uí Eachthighearn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1037, Leathanach 265

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1037, Leathanach 265

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Meenacahan
  2. XML Leathanach 265
  3. XML “An Cailín Cliste”
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    cleas ceadhna. Dubhairt an bhean nár chuir sise amach duine ariamh. Chuaidh sé a luighe i leabaidh na cludaigh. Nuair a tháinig an buachaill isteach d'fhiafruigh sé cé a bhí san choirneál agus d'innis a mháthair dó. D'iarr sé uirthí í a mhusgladh agus a suipéar a thabahirt díthe. Ach leig sise uirthi fhéin go rabh sí 'na codladh agus ní íosfadh sí a dhath. Chuir an buachaill neart eadaigh uirthí ar eagla go mbíodh sí fuar. Ar maidín d'imthigh an cailín agus cúpla lá in a dhiaidh sin posadh í fhéin agus a buachaill.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Bhí triúr Éireannach ann aon uair amhain, bhí siad tughtha dho'n ól.

    Bhí triúr Éireannach ann aon uair amhain, bhí siad tughtha dho'n ól. D'ól siad an oidhche seo go dtí san deireadh nach rabh siad ábalta níos mó a ól. Annsin na trí gloinne deireannaigh chuir siad isteach i mbuideál iad agus tháinig siad abhaile agus chuaidh siad 'na luighe. Nuair a bhí sé anonn san oidhche bhuail tart ceann acu agus d'ól sé a rabh san bhuideál. Nuair a d'éirigh an bheirt eile chuir siad ceist ar an fhear seo caidé a tháinig ar an uisge beatha. O tá arsa seisean bhuail tart mise aréir agus bhí mo chuadh ar an tóin agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.