Scoil: Leitir Fhada

Suíomh:
Leitir Fada, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhaoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1036, Leathanach 331

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1036, Leathanach 331

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir Fhada
  2. XML Leathanach 331
  3. XML “Scéal - Na Sióga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fa thuairim cead bliadhan ó shoin bhí fear in a chomhnuidhe i nDíreart darb ainm Domhnaill Ua Sírín. Lá amháin i lár an t-Samhraidh , cuaidh sé síos na Frásaigh le tórramh agus é ag marcuidheacht.
    Bhí sruthan beag ag síneadh síos idir Tulaigh na nGlaich agus Cáin Leargáin agus b'éigean do Dhomhnaill teacht an cásan seo ar a bhealach na baaile . Nuair a shroich sé an áit seo chonnaic sé deálan beag fólais ag sóillsiughadh ins an srútáin agus cualaidh sé guthanna ag rádh' Sin Domhnaill Ua Sírín ' Sin Domhnaill Ua Sírín'.
    Shíl Domhnaill gur daoine a bhí indiaidh bric a bhí ann. Thuirling sé de'n chápall agus cheangail sé é de chrann. Annsin cuaidh sé síos go bruach an tsrúthain , go bhfeiceadh sé cé bhí ann, acht ní rabh duine nó deóraidhe le feiceail.
    Thainig sé aráis aris go dti an áit ar cheangail sé an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighread Ní Ghallochobhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Disert, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Cáthal Mac a' Bhaird
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    79
    Seoladh
    Disert, Co. Dhún na nGall