Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)
- Suíomh:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Antoin Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)10 “A shean – chaileach Gallta nach ngéileann do dia biseach nár fhághaidh tú dtéighidh tú ar mire”
(Buachaill a bhí ar an lagan. Bhí an déideadh ar a mhaighistreas. Cuir seiseaidh agus gcéill go rabh órtha an déididh aige agus d’iarr uirtí dhul ar a glúina go nabradh sé duithe é – Seo shuas an rud adubhairt sé. A.Ní .C)
11 Siúd amuigh é, shiúd astuigh é, siúd sa chlúid é agus dhá fhicid súil air. (Criathar) A. Ní C.
12 Preataí rósta ar maidin agus braon de bainne na bó ba é sin an biodh báidhte bhí ag Philib an ceó (A. Ní. C)
13 “Paidir le rádh in an Gheibhinn” Bhí brigh in Íosa i gcionn a mhíosa Ar níuin a mathar as an tóir na dhiaidh. “O gurb é an sluagh dall an sluagh seo chugainn le ua niór Éifeacht le na niór (grásta) glóire. Go spréididh tú do ghrásta tharainn. (A. Ní C.)
(14) “Sé cúl dubh Uaighe an cúl dhubh gan subhailce Is fuar agus is fluch bhur leabaidh tuighe Dá mbíodh gorthaid ar an stiúr ann na dornchadh ar a rámha. Níor bh’eagal daoibh an lá úd nach dtiocfadh sibh i dtír”
(as an amhran “Cul dubh Uaighe” an áit ar bathadh deichneabhar 1857) N. Ní Dh.
(15) Throcaire agus grásta go bhfágaidh tú agus bás gan peacaidh
(Deir tú seo le duine a thairgeas pins snaoisin duit – A. Ní .C.
(16) Ceithre gréasaidhe gan a beith bréagach
Ceithre tailliúr gan a bheath buidheach
Ceithre sagart gan a bheith samitach
C’an áit a bhfuighfea an dáréag na suidhe
Cuartaigh ifreann agus flaitheas dé
Faoi uisce agus ós a chionn
Saothar mascaidh níl siad ann.- Bailitheoir
- S. Bean Uí Dhochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- A. Ní Cheallacháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Micheal Ó Tomais
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Seoladh
- Eadargóil, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Nábla Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 89
- Seoladh
- Gabhla, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Padaí Mór Ó Sléibhín
- Inscne
- Fireann