Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)
- Suíomh:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Antoin Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cineal Conaill
- XML Leathanach 88
- XML “Na Ceithre Críocha Déanacha - Ifreann”
- XML “Na Ceithre Críocha Déanacha - Neamh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- “Tugaighidh orraibh go teach na bpían-sin áit ‘nach bhfuil biadh ná éadach.
Sin áit ‘nach bhfuil grásta Dé, sin áit ‘nach bhfuil páirt le cheile,
Sin áit ‘a bhfuil an gearradh agus an ceusadh,
Mar bhéidheadh conairt a dul ingorta agus in-eugchruth,
Béidh an dream sin da bhplúchadh I mbréuntas,
Fhad a’s bhéidheas Dia ‘nA Dhia béidh siad da bpíanadh,
Agus déarfaidh gach neách ar olc leis, an bréitheamhnas-
“O, a Dhia! Cad tuigh’ ar chuir Tú ar an t-saghal ariamh mé”? - Chan é sin do’n dream a gheobhthas buaidh ar naomhthacht,
Rachaidh siad suas ar an uair chéadna,
I gcuideachta An Uain, ó chúirt an t-sléibhe,
‘Na bhFlaitheas a gheobhaidh siad ar son a ndéigh-ghníomh.
Béidh Naoimh agus Ainglidhe ag canamhain le chéile
Ceólta binne d’a seinim ar théadaibh
Níl maighdean ghlan a fhanachas gan chéile,
Nach mbéidh séula ar leith gan cheilt ar a h-éadan,
Ceánnaighidh oraibh go duithche An Dé-mhic,
Is ann ‘nach bhfuil an gearradh agus an ceusadh,
Is ann ‘nach bhfuil dúiltadh roimh éinneach.
Is ann do dhúithche ‘tá ceart gan éagchóir
Saidhbhreas gan daibhreas ag gach aon ann.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siubhán Bean Uí Dhochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Nuala Ní Dhochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 87
- Seoladh
- An Chruit, Co. Dhún na nGall