Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)
- Suíomh:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Antoin Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- A dhuine bhocht, smuainigh ar do chríochaibh déidheannacha,
Ná caith do shaoghal le baois nó le bréig,
Má tá tú lán sláinte, áille agus sgéimhe,
Má síleann tú gur b’aoibhinn, cuimhnigh gur baoghalach,
Smuainigh gur de’n chré tá tú deánta,
Agus nuair a éugfas tú, gur chré dhuit a dheánfar.
Cé gur mór do chuid óir agus éifeachta,
Do mhaith, do shiopaidhe, do chapaill, do chaoraigh,
D’eachraid, do chóisde, do chótaidhe daora,
Do leápthacha árda, do bhráithlinneacha gleígeala,
Do shíoda ag cur gné ar do chuid éadaigh.
Do chócaire a’ toithruighadh gach méise dhuith;
‘Un rinne, ‘un damhsa, agus ‘un pléisiúra;
Is maith sin go dtí an lá a shíntear ‘san chré thú,
Acht béidh sé, an lá sin, ‘na sgáile gan eifeacht,
Do mhuinntir, bhéarfaidh siad cúl go léir dhuit,
An uair sin a fhúighthear ‘san chré thú.
Nuair a dhúnfar ‘san uaigh thú, nach truaigh thusa
An uaigh dhubh, agus ualach de’n chré ort?
Béidh tú a’ fuaradh in do ghuailneachaibh agus in do gheugaibh,
An fhuilt gruaige bhí anuas ort ‘na phéarlaibh,
Béidh sí cuachta fa do ghuailneachaibh gan réidhtheach.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siubhán Bean Uí Dhochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Nuala Ní Dhochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 87