Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)

Suíomh:
Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Antoin Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 84A

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 84A

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cineal Conaill
  2. XML Leathanach 84A
  3. XML “An Chiaróg, an Dardaol agus an Ciarlamán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair a bhí Íoa ar sheachnadh roimh a náimhdibh, shiubhal sé fhéin agus A chuid deisciobal fríd páirc, an áit a raibh fear ag cur cruithneachta. D'iarr na deisciobail ar an fhear seo, dá mbeadh duine ar bith a'A chuartughadh, innse daobhtha go deachaidh Íosa fríd an pháirc an lá a bhí sé ag cur na cruithneachta, agus nach deachaidh Sé an bealach sin ó shoin.
    Lá ar na bhárach, chuaidh an fear céadna ag amharc ar an pháirc go bhfeiceadh sé a dteárn na heunlaith dochar ar bith do'n síol. Bhí iongantas an dómhain air, nuair a chonnaic sé go raibh an barr apaidh, agus é réidh le 'ná bhaint.
    Chruinnigh an feirmeóir meitheal mór, agus thoisigh siad ag obair go dian, ag baint na cruithneachta agus d'á chur in a cruacha.
    Tháinig na spídeóirí ar lorg Íosa, agus d'fhiafruigh siad de'n fhear an bhfaca sé ar Slánuightheóir ag dul an bealach sin. Dubhairt seisean go dteachaidh Sé thart an lá a bhí 'a chur a chruithneachta.
    Bhí cíaróg ag na cosaibh ag éisteacht leis an chómhrádh agus thug sé freágair dhá rádh, "Sin indé! indé!" le fios a thabhairt dóibh go dteachaidh ar dTighearna thart an lá roimhe sin.
    Thóg an feirmeóir a chos agus bhrúigh sé an chíaróg 'sa talamh. I gcionn tamaill bhig, chuir an dardaol a cheann suas, ag sgáirtigh, "Géar! géar! géar!! - an dóigh go mbeadh fhios ag na spídeóiribh go bhfuigheadh siad greim ar Íosa, dá dtéigheadh siad go tapaidh.
    "Och! och! och! mo chreach oraibh uilig," arsa'n cíarlamán, agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siubhán Bean Uí Dhochartaigh
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Ceallacháin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann