Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)
- Suíomh:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Antoin Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cineal Conaill
- XML Leathanach 49
- XML “Domhnall Amaideach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bainttreabhach mrá ann i bhfad ó shoin agus bí beirt mac aicí darbh ainm Domhnall agus Eóin. Domhnall a b’óige agus ní rabh morán céille aige agus lá amháin chuir a mháthair ‘un a bhaile mhoír le charr cruithneachta a dhiól.
Ar a bhealach na bhaile chuaidh sé isteach i Dteach ostais le deóch a ól. Bi cearrbhaighe annsin agus thug siad cuireadh do cluiche a imirt leó chuaidh sé suas agus D’imir se leis go dtí go rabh luach an cruithneachta agus an carall caillte aige.
Nuair a thainig sé abhaile agus fuair a mháthair amach goidé mhar bhí is annsin a thúsaigh an buaidhream agus an brón agus bheigin do an teach a fhágail.
D’imthigh sé leis gur casad dho fear siubhail ar gráthach leis fanacht ag a mháthair.
“Níl naith duit a dhul” arsa Domhnall “de thairbe an rud a rinn (maiseac) mise, ach seo teach beag shuas annseo agus rachaidh an bheirt againn ann”.
Chuaidh siad suas agus bhí tráth bidh réidh ar an tábla rómpa.
“Ithigidh bhur sáit” arsa fear an toighe, “agus buair a (béad) bhéas go leór(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Chreag
- Ainmneacha eile
- Anna Ní Chreag
- S. Ní Dochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Maighread Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 46
- Seoladh
- Cnoc Fola, Co. Dhún na nGall