School: Cineal Conaill (roll number 15271)

Location:
Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Antoin Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 40

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 40

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cineal Conaill
  2. XML Page 40
  3. XML “Micheal ar an Lagán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. D’imhtigh gasúr as an bhaile seo fá choinne fastódh a dheanamh sa “Lagan”. Cuaidh sé go dtí an áit agus rinne sé fastodh le feirmeóir. Thug an feirmeóir an carr agus an beathach leis agus chuaidh sé féin agus an gasúr isteach ins an charr agus d’imthigh leó go dtí an áit a raibh an fear seo ‘na chómhnuidhe.
    Nuair a chuid an gasúr isteach bhí sean-bhean afus sean-duine ann, bhí an sean-duine ina shuidhe ins an chlúdaigh agus bhí an t-sean-bhean obair fríd an teach.
    Nuair a chuaidh an gasúr isteach shuidh sé ag an doras. Bhí potá crochta ar an teinidh a raibh preataí brúigthe ann. Thóg an t-seanbhean an póta de’n teine. Chuaidh sí go dtí an doras agus shil sí an pota.
    Thug sí isteach aríst é agus chroch ar an teinidh é. Annsonn thóg sí é agus d’fhág i lár an urláir é. Bhí cos mhaide ag an bhean seo agus chuir sí a cos isteach ins an phota agus thoisigh sí a bhrúghadh na bpreataí le na cois. Bhí an gasúr ag coimhead leis. Nuair a bhí na preataí brúighte aici, thug sí isteach meannár gabhair, Chuir trasna an póta é agus bhlígh sí isteach ‘sa phota é.
    Annsonn d’iarr sí ortha suidhe thart fán phota agus shuidh: Ní rabh aca acht aon spanóg amháin.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1360B: Flight of the Woman and her Lover from the Stable
    Language
    Irish
    Collector
    Siubhan Ní Dochartaigh
    Gender
    Female
    Informant
    Máire Ní Ghallachobhair
    Gender
    Female
    Age
    73
    Address
    Gleann Tornáin, Co. Dhún na nGall