Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)
- Suíomh:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Antoin Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cineal Conaill
- XML Leathanach 39
- XML “An Bheirt Ghadaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I bhfadó shoin bhí Éireannach ag obair ins an taobh ó chúl Aimeorca agus d’éirigh sé tinn. Thainig an doctúir chuige agus dubhairt sé leis go rabh an bás aige. Chuir an doctuir ceist air rabh moran airgid aige, dubhairt an t-Éireannach leis go rabh an oiread seo aige.
“Bhal” ars an doctúir”, fhág an leath agam”, ars seisean, “ar mhaith leat an sagart teacht chugat sul a bhfuighthea bás”. Dubhairt an t-Éireannach leis gur mhaith. Thainig an sagairt agus tug sé faoiside agus comaoineacha dó, “anois” arsa an sagairt, “bhfuil moran airgid leat”. “Ta”, arsa an t-Éireannach, “an oiread seo céadtaí”. “Bal” arsa an sagart, “fág an leat agamsa”. “Maith go leor”, arsa an t-Éireannach. “Anois bhfuil duine ar bith de do mhuintir beó in Éirinn, “ta” arsa an t-Éireannach, mo sheanmhathair. “Agus” arsa an sagart leis, “ar maith leat mé a scríobhadh chuice agus innisint duithe caide an dóigh a bhfuair tú bás”, “Ba maith” arsa seisean. Thoisigh an sagart ar an litir. “Caidé cuirfidh mé inntí”, arsa an sagsrt. “Ta” arsa an t-Éireannach, “go bfuair mé bás mar bhéadh ar Slanuightheóir istoigh idir bheirt ghaduidhe”.- Bailitheoir
- Míchéal Ó Máirtín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Máirtín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 88