Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)

Suíomh:
Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Antoin Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 34

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 34

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cineal Conaill
  2. XML Leathanach 34
  3. XML “Paidir na Páise”
  4. XML “Gníomh Adhraidh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. "gcluin tú mise, a Mhic,"
    "ghoidé seo a mhathair,"
    "Tá go bhfuíl do cheásdh i mbárach
    Ar an crann udaí thall
    Le ropaí Caola Cruaidhe
    Tairngí in do chosa agus do lámha
    Coróin spíona ar do chionn
    Do chuídh fola ar leacacha na sráidheann."
    A mathair, is fíor D'osna"

    Níl aon duine a deirfeas an dán seo ins na ceithre uaire fíchead, nach rachaidh a anam 'na flaithis agus ní fheicfidh sé ifreann go deó.

    Anna Ní Chreag, 13
    Cor na bhFiadh,
    Bearnas Mór
    a sgríobh síos ó beal aithris
    Máire Ní Mháirtín, 88 bl
    an seoladh céadna
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Admhuighim a Dhia, go bhfuil tú annseo i láthair
    Go bhfuil tú ag féachaint orm,
    Go bhfuil tú ag éisteacht liom,
    Go bhfuil fhios agat ar m'uile smaointe.
    Agraim(= údhraim?)agus onóirim tú
    Aidighim gur tu mo crúthaightheóir agus mo thigéarna
    Agus ísilighim mé féin go h-umhal iomlan faoi do smacht

    GIOTA
    "Fad saol duit
    Fear do mhian duit
    Talamh gan cíos duit."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge