Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)

Suíomh:
Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Antoin Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 27

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 27

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cineal Conaill
  2. XML Leathanach 27
  3. XML “Domhnall Mór agus Domhnall Beag”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí beirt fhear ná gcomhnuide ar an bhaile seo fad ó s’oin darbh ainm Domhnall mór is Domhnall Beag. Bhí céad bó afus triúr mac ag Domhnall mór agus ní rabh ag Domhnall beag ach bó amháin. Lá da rabh Domhnall beag amuigh a buachailleacht, rít an bó ann onn ar chuid talaimh Dhómhnaill moír. Nuair a thug Domhnall Móir fa deara an bó thug sé leis spád agus mhar bhuigh sé í. Níor Dubhairt Domhnall beag a’n fócal ach a bhó a thabhairt leis agus an croiceann a bhaint dí agus a chur ar fhéin. Shiubhail se leis annsin go dtaínic sé go teach a rabh bean uasal na comhnuidhe ann. Dubhairt sé léithe gurb ciseann an Diabhal agus go stabharfhadh sé leis go hIfreann í muna stabharfheadh sí do cúpla chead punta. Dubhairt sí go stabharfadh agus d’iarr gan í a thabhairt go hIfreann. Nuair a fuair Domhnall Beag an t-airgead d’imthigh sé leis abháile agus bhain an croiceann dó. Nuair a chonnaic Domhnall mór an t-airgead chuir sé ceist air Ca bhfuair sé é. “O” arsa Domhnall Beag, “mhar buigh tusa mo bó sa, thug mise liom fríd abhaile í ag scairtigh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1535: The Rich and the Poor Peasant
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siubhan Ní Dhochartaigh
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Sean Ó Cuirrín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    63
    Seoladh
    Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall