Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)

Suíomh:
Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Antoin Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 167

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 167

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cineal Conaill
  2. XML Leathanach 167
  3. XML “Seanfhocla, Abairteacha agus Ranntaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    220. Siubhal mé shoir agus shiar, Agus thainic mé aniar an aithghiorra dubh. Ní fhaca mé dadaidh ariamh. A codlochadh ‘n oidhche le muic (A. Ní C.)
    221. Trocaire agus grásta go bhfághaidh tú agus bás gan peacaidh. (Nóra Nic Giolla Bhrigde)
    222. (Níor Ní Ódhráin, an teach a b’fhuide shiar in Éirinn)
    Tá sé comh fada siar le Mór ní Odráin. (N. Nic G. Br.)
    223. Tá siad comh buidhe le Cailleacaí Buidhe Machaire Gálthain
    224. Tá se comh fada o thuaidh le poll toighe léabáin.
    (Poll toighe léabáin = Uamha de pholl mhór domain ag Ceann Málaínn)
    225. Nuair a shíleas bean an óil mo chuid óir a bheith caithte béidh sean táirngí bróg in mo phoca da mealladh (A. Ní. C.)
    226 Na suidh i ngáimhthín (goimh - shíon) an dorais (S. O’Baoghaill)
    227. Slán goile slán is mó sáith ar bith (A. Ní C.)
    228. Gach éan mar oiltear agus an fheadóg sa mhónaidh (Is dual do gach duine an áit in a dtógtar é - Nóra Nic Giolla Bhrigde)
    229. Ní thabharfadh an fiach dubh do’n éan é
    Dá dtugadh féin níor leis féin é (Bhearfadh sé bás an éin. (N Ní Ch.)
    230. A whistling woman and a crowing hen is not sanctified in one townland (A. Ní C.)
    231. Ghreim an fhir bháidhte (bionn sé daingean) A. Ní C.
    232. Sé do mhac do mhac indiú, sí do inghean do inghean go deó A. Ní C.
    233. leath riarstanais teacht na Feile Brighde
    (ba cheart do daoine leath preataí, leath mónadh, leath féir [etc]? a bheith aca fá’n Fheil Brigde) A. Ní C.
    234. Geibh cos ar siubhal rud nach bhfághann cos na comhnuidhe
    235. D’ólfadh se galún Uí Dhomhnaill (D’orduigh an dalach 16 leath - pionta d’a lucht leanamhna ach nuair a cuiread an deoch ar bórd goidé bhí ann ach sé cárta déag = galún Uí Domhnaill. Bhí O’Domnaill comh fiúntach sin nár leig se dadaidh air ach an sgór a dhíol) N. Ní. Dh.
    236. Aimsighidh an dall a bheal ach nach léir do an greim is fearr (Peigí Sheóiní).
    237. Tá sé ar slabhradh ag an miartún = mío-fhortúin (Tá sé ar slabhradh ag an diabhal) (P. Sh)
    238. Tá sí ag deánamh cómhrád na colpaige (ag innse rud do duine a bhfuil a fhios aige féin)
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Micheal Ó Tomais
    Inscne
    Fireann
    Aois
    64
    Seoladh
    Eadargóil, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    N. Ní Dhomhnaill
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Paidí Mór Ó Sléibhín
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    A. Ní Cheallachain
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Baineann