Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)
- Suíomh:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Antoin Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)“Bal a rúin”, a dubhairt an mhathair, “rachfaidh tú in a leitheid seo de theach anocht le na bhfiacail”. Agus chuaidh agus d’iarr loistín mar a gcéadna.
Chuir sí sin suas duithe ar fad, nach dtiocfadh léithe a coinneal istigh na go rabh an mac ag brath ar bean a thabhairt isteach i gcionn cupla lá agus go rabh siad ag deánamh réidh fá choinne na hócaide. Dubhairt sise go bhfanfadh sí cibé.
Bál nuair a thainic an fear óg isteach thug sé [achmhúsan]? d’a mhathair cionnus leigint do bhacach [mrá]? baint fuithe sa chlúdaigh. D’éist an bhean óg leis agus i ag leigint uirthi féin go rabh sí na codladh. Bhí sí ar shiubhal na baile le brachadh an lae ar maidin.
“Bal a nighean”, dubh: a mathair, “rachfaidh tú amach anocht go bhféacaidh tú an tríomhadh fear agus chuaidh. Chuaidh sí go dtí an doras agus d’iarr lóistín ar an mhraoi seo. Fuair sí sin agus fáilte. Thainig an buachaill isteach agus d’fhiafruigh de’n mháthair cé bhí na luighe sa chlúdaigh. D’innis an mháthair gur bean bhocht a bhí ann agus nach sise gabhail a chur a’n duine amach a thainic ar an seála sin.
“A mháthair, is maith a rinne tú sin a dheanamh”. Chuaidh sé a dheanamh a suipeara agus d’fhiafruigh an dtug sí a dhath don bhean bhóicht. Dubhairt sise nach dtug, go rabh sí ag éileamh nach rabh sí abálta dadaidh a chathamh. Rinne seisean dhá cuid dá shuipear, mhusgail an bhean a bhí sa chlúdaigh agus thug a leath duithe.
D’imthigh sise ar maidin agus d’innis an scéal da máthair.
“A nigean”, arsa sise, “sin do fhearsa”, agus phós sí é.- Faisnéiseoir
- Nóra Nic Giolla Bhrigde
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 84
- Seoladh
- Machaire Chlochair, Co. Dhún na nGall