Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)
- Suíomh:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Antoin Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)“Och, och”, arsa sise, “ní fhaca mé a’n cháilín comh doigheamhail leatsa ar an tsaoghal ó cailleadh mo nighean féin ta bliadhain ó shoin”. Ní rabh an cáilín i ndon bheith na tost níos fuide. Rith sí agus chuir a dá lámh fá mhuineal a máthra gur phóg go cinealta í. D’aithin sí annsin í agus hobair go bfuair sí bás leis an luthgháir bí uirthi.
Thainic fear an toighe isteach annsin agus chuir seisean fáilte [romrí]?
D’innis Conall gach rud a thárla, o tús go deireadh. Fuair sé an cáilín mar bain-chéile. Mhair an bhainfeis lá agus bliadhain agus annsin thainic siad arais go Beal Uaighe agus chaith siad a saoghal go seascar [soghmhach]? ar an oilean ó sin amach.
(Tigh an píosa seo shíos isteach indiaidh na reáltóige eile)
*”Bhfuil dadaidh eile dhe dhith ort anois” arsa sideóg eile. “Ta”, arsa seisean, “ta beirt sagart i gCeann Caslach agus iad ag troid fá’n pharoiste agus ba maith liom go ndeánfaidhe réidhteach eadtorra”.
“O”, arsa sideóg eile, “caithfidh tú dhul ionnsair an phápa. Ar siubhal libh na roimhe”.
Nuair a thainic siad fhad leis an roimh agus toigh an phápa, chuaidh Conall isteach agus [mhínigh]? sé an cás do.
Rinne an pápa an tóghadh agus thug se teastas do Chonall le tabhairt don sagart páraiste Úr.
Chuir Conall an paipear isteach in a bhrollach agus arais leobhtha go Ceann Caslach. Nuair a fuair an sagart ordú an papa bhí siad araon sásta. sásta.- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Currín
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seosamh Dunlop
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 20
- Seoladh
- Machaire Gathlán, Co. Dhún na nGall