Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)

Suíomh:
Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Antoin Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 160

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 160

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cineal Conaill
  2. XML Leathanach 160
  3. XML “Amhrán an tSagairt”
  4. XML “Scéal Fíor”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Rinne sí mar h-iarradh uirthi. Comh luath agus bhí an t-amhran ráidhte aicí bhí sí na léim ar shiubhal. D’aithin seisean gurbh í a bhí ann agus bhí sé ar shiubhal na diaidh ar an bhomaite.
    Bhain siad teach an t-sagairt amach gur phós sé iad agus d’fhág sé an bhean eile.
    (Nóra Nic Giolla Bhrigde (84) Machaire Clochar, Doire Beag, Gaoth Dobhair. Ní rabh an t-amhrán aicí a d’fhoghluim an sagart do’n (mraoi) cáilín bhoicht)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Scéal Fíor. {Nuala Ní Dhochartaigh. 84. Oilean na Cruite, Ceann Casla a d’aithris. S. Ní Dhochartaigh a scríobh.
    Nuair a bhí an sagart mór O’Domhnaill na chomhnuidhe anuas annseo i mbeal na Cruite bhí sé iontach soineanta agus is iomaid cleas a d’imir sé ar Toralach O’Baoghaill agus is iomaidh ceann a d’imir an Baoghallach airsean.
    Bhí an sagart mór an tugtha do tobac agus ba Ghrathach le leadhb de bheith ar fhis leis in a phóca.
    Maidín Dhomhnaigh amhain chuaidh Cathal ‘un Faoiside chuige Gheall ar cleas a imirt air chuir sé a mhéara agus tarraing sé an tobac as póca an t-sagairt.
    Nuair a bhí a fhaoiside deánta ag Cathal, arsa seisean, “Ghoid mé tobac ó dhuine éigan”.
    “Tabhair do arais é agus béidh sin ceart go leor”, arsa an sagart.
    “Seo dhuitse é a Shagairt” arsa Cathal, ag tairgint an tabac do.
    “O Tabhair do’n fear ar leis é”, arsa an sagart.
    “Bhí ins ‘gha thabhairt do” arsa C., “agus ní ghlacfadh sé uaim é”.
    “Mar sin de” ars an sagart, “thig leat fhéin a choinneal, ná níl sé dhe dhith [ormse]?
    Bhí go maith go rabh an t-aifreann thart agus a bhricfeasta ithte ag an t-sagart. Cuir sé a lámh in a phóca agus tharraing amach a phíopa ach ní rabh dul aige an tobac a fhághail. Is annsin a smaoitigh sé ar Cathal ach bhí seisean ar shiubhal isteach tráigh na Cruite agus toit ins an aer aige. Bhí [bob]? buailteaige ar an sagart an iarraidh seo!
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.