Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)

Suíomh:
Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Antoin Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 158

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 158

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cineal Conaill
  2. XML Leathanach 158
  3. XML “An Fidileoir Caoch”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Oidhche amhain thainic sé isteach agus cuman an [bhái]? air agus arsa seisean :-
    “A Nóra caithfidh tú cuideadh liomsa suas go Dún Luighche na ní bhéidh mé i bhfad beo agus tá mo [bhean]? curtha suas annsin agus ba mhaith liom a bheith curtha ins an roilic cheadne léithe”.
    “Oro a thaisge!” arsa Nóra, “Níl bás ar bith ort agus tá do chomhairle a dhíoghbhail ormsa. Tá cleamhnas [deán]? ag m’athair damh agus níl [suim]? ar bith agam ins a fhear a thóg sé damh. Thug mé searc mo chroidhe do bhuachaill og eile agus níor mhaith liom scaramaint leis”.
    “Glach mo chomhairlese”, arsa an F.C., “agus pós do thoil ach ná pós do shaidhbhreas, agus leóga seinfidh mise ceól do bhainse”.
    Bhí go maith agus ní rabh go holc. Bhíodh Nóra ag goid cuid d’a cuid chirtigh ar shiubhal ó lá go lá go dtí go rabh achan rud réidh aicí.
    D’éaluigh sí fhéin agus an buachaill óg agus pósadh i ngan fhios iad. Ní rabh iomrádh ar bith ar an phíobaire, ach nuair a [phill]? siad ó’n teach phobail lá na bainse, rinneadh réidh feasta beag agus [sul]? a rabh se caithte aca d’amharc an bhaitreach (= waiter) amach ar an fuinneóig agus arsa seisean.
    “Dá bhfeicthea an méad daoine tá ag teacht aníos an [camhsa]? - agus seo chugaibh an fidileoir (piobaire) caoch i dtosach”.
    “Ó”, arsa Nóra, “nach breagh an rud go bhfuil mo shean - chara ag teacht. Béidh ar sáith cuideachta againn gan mhoill, núle abtú do’n Righ”.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Nábla Ní Dhomhnaill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    89
    Seoladh
    Oileán Ghabha, Co. Dhún na nGall