Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)
- Suíomh:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Antoin Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cineal Conaill
- XML Leathanach 157
- XML “Mo Chleamhnas ar an Charn Aoiligh”
- XML “An Fidileoir Caoch”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- “Mo Chleamhnas ar an Charn Aoilighach.I ngleann sa choillidh uaignigh ar caitheadh mo shaoghal
Ó Dhomhnach go domhnach is go maidin Dia luin.
Féitheamh an tráthnóna cé thiocfadh ‘an toighe
Is gan duine le feicilt a thógfadh mo chroidhe.Éirigh suas a cháilín mur bhfuil tú do shuidhe
Fosgail an doras agus leig mise ‘un toighe
Tá buideal in ni’ aice liom as “dram” do mhraoi an toighe
As ní féidir go ndiúltann tú fear óg brath ar mhraoi.Nuair a éirighimse ar maidin agus amharcainn uaim
Ar a ‘bhaile ndaí thall a rabh mo ghrádh ann
Ag sileadh na ndeór síos liom go trom
Agus gníomhsa mo leasnadh bíos cosamhail le cumhaidhBeirmise comhairle (mo mhallacht) do’n bean óg bhí [mo]? dhiaidh
Gan dul i bhfad ó bhaile i mhaithe le caint béil
Ach mo chleamhnas an charn aoiligh
Is mo cháirdeas Críost i bhfad uaim.
(Maighread Ní Gallchobhair 46, Croc Fola, Gaoth Dobhair). - An Fidileóir Caoch.Bhí cáilín (bean) darb ainm Nóra Ní Dhomhnaill na comhnuidhe amuigh annseo i dTír Móir. Ba bhreag cinealta an cáilín í.
Bhíodh fear siubhal ag dul thart an tam sin darb ainm “an Fidileoir Caoch”. Ba gráth leis loistín a fagail i dtoigh athair Nóra.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Nábla Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 89
- Seoladh
- Oileán Ghabha, Co. Dhún na nGall