Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)

Suíomh:
Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Antoin Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 155

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 155

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cineal Conaill
  2. XML Leathanach 155
  3. XML “Ag Geaftaí na bhFlaitheas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ag geaftaí na bFlaitheas.
    Fuair fear bás uair amhain agus bhí sé ag iarraid a dul isteach ins na Flaitheas. Buail sé ar an doras ann agus fosgladh do é. Fiafruigheadh do goidé an graithe a bhí aige annsin.
    “Tá mé ag iarraidh dul isteach”, adeir sé.
    “Cé’n gar duit bheith ag iarraidh dhul isteach agus gan tú ar faoiside le seacht mbliadhna”.
    “Cé hé thusa”, arsa an fear amuigh.
    “Mise naomh Tomas”, arsa an fear istigh.
    “Tá tusa istigh”, adeir sé, “agus nach gcreidfea go dtearn ár slánuightheóir aiséirighe go gcuirthea do meara san áit a dteachaidh na dealga agus do lámh an áit a dteachaidh an sleagh”
    Dhún Naomh Tomas an doras agus d’fhág annsin é.
    Thoisigh sé a buaileadh agus fosgladh arais do.
    “Goidé tá ort”, arsa an dara fear.
    “Tá mé ag iarraidh dhul isteach”.
    “Cé’n graithe atá agat istigh agus gan tú ar faoiside le seacht mbliadna”.
    “Cé thusa”, arsa an fear amuigh
    “Mise Naomh Peadar”, adeir sé.
    “Tá tusa istigh agus gur shéan tú mo shlánuightheóir agus nuair a bhuail an eagla thú mhionnuigh tú nach rabh fios agat cé hé fein”. Dhruid Naomh Peadar an doras.
    Fosgladh do an tríomhadh uair.
    “Tá mé ag iarraid dhul isteach”, arsa seisean.
    “Ar ndoighe ní rabh tú ar faoiside le seacht mbliadna”
    “Cé hé thusa”.
    “Mise Mac De”.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
        1. scéalta cráifeacha (~1,085)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siubhan Ní Dhochartaigh
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Nóra Nic Giolla Bhrighde
    Inscne
    Baineann
    Aois
    84
    Seoladh
    Machaire Chlochair, Co. Dhún na nGall