Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)

Suíomh:
Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Antoin Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 144

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 144

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cineal Conaill
  2. XML Leathanach 144
  3. XML “Eachtraí Oisín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ama seo agus an méid a dheanfaidhe sa lá leagfaidhe san oidhche é. Thug sé an tamharc d’Oisín arais gheall ar é a chomhead. I lár na hoidhche chonnaic sé an tarbh mór dubh a teacht. Chuir sé a adarca ins na ballaí agus thoisig se a leagan.
    “Mar stadaidh tú de sin ca dtéigheann leat”, arsa Oisín. D’ionnsuigh sé an tarbh gur mharbh sé é. Annsin thoisigh sé gur ith sé a shaith de. Nuair a thainic Pádraig anuas ar maidin fuair sé Oisín na codladh sa tseiche. Scannruig sé nuair a chonnaic sé goidé bhí deanta ag Oisin. Tóg sé a lámh os cionn an fháinne agus rinne sé spoirt uisce de ag fágad Oisin dall aríst.
    Dubhairt se leis go dtabharfadh sé an tamharc do le radarc a fhághail ar na Flaitis agus ar Ifreann. Nuair a dhearc Oisín isteach chonnaic se Goll agus a mhac féin Osgar. Bhí suistí aca ag gabhail de na diabhail eile ach níl aon bhuille a dtabarfadh Goll nach mbrisfead iall a shúiste
    “Cibé athchuinge iarrfas tú ar son na bFiann”, arsa Pádraig, “tá sé le faghail agat”.
    “A Osgair a mhic is bocht an dóigh tá ort annseo” “Nuair a thiocfas tusa annseo bíodh iall maith in do shúiste leat” arsa Goll.
    “Tá mise ag iarraidh athchuinge iall a chur i súiste Gaill a mheairfeas a choidhche do”
    “O bó, bó” arsa Padraig, “goidé seo”.
    Annsin bhí sé ag iarraidh air glacadh leis an bhaisteadh Agus sa deiread thug Oisín isteach do. Nuair a bhithear
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Eoin Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann