Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)
- Suíomh:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Antoin Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cineal Conaill
- XML Leathanach 143
- XML “Eachtraí Oisín”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhuail an-tart Oisín annsin agus bhí sé ag lamh achan anuas ag cuartú uisce. Cá’n áit ar casadh é ach istigh i nead na fainleóige agus goidé thainic sé trasna air ach a fháinne féin. Annsin thainic an t-amharc arais chuige.
Bhain sé duilleóg eidheain agus caor caorthainn agus bhí ceathramha de’n bheathach leis fosta. Chaith se anuas os coinne Abhaill ceathramha [luin]? a bhí comh mór le mart, duilleóg eidhean a bhí comh mór le na srúbhan gann gortach aráin, agus caor caorthainn a bhí comh mór le na meascan ime. Annsin thug sé urchar an daill fá. Abhaill gur bhain sé an tsúíl aistí.
Nuair a chonnaic Pádraig seo bhain sé an tamharc de arais agus annsin thoisigh an [couspoid]? eadtorra.
“Is fearr mo Righsa ná do Righsa ná sé beir gort (= barr) féir agus iasc ar linn” arsa Pádraig
“Can a chur guirt nó féir a bhí mo Righsa a chur a mhaith i gcliú ach ag ladairt curadh agus laoch a glanad críche in a gcuid cliú” arsa Oisín.
Dá mbíodh mo Righsa agus do Rigsa
Ar an tulach sin shiar agus iad ag spairn
Dá mbíodh Fionn ar íoctar
Deirfinn gurb é Dia a b’fearr”.
Má’s beag inchinn na cruimhe nó dubh beag as an ghath gréine a gan fhios do ní rachfadh faoi dídean a sgeithe” arsa Pádraig. “Ach marbh é sin mar an Righ bhí orthasan go rachfadh sluagh na mbeatha faoi na bhrat i gan a fiafruigh”.
Bhí Pádraig ag deánamh teach phobail úr i dtráta an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Eoin Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann