Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)
- Suíomh:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Antoin Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cineal Conaill
- XML Leathanach 142
- XML “Eachtraí Oisín”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ád tall”. Dubhairt an buachaill go bhfaca.
“Tabhair [ionnsuirthi]? mé”, arsa Oisín, “agus bíodh an coileán con leat”.
Nuair a thainig siad fad leis an chloich arsa seisean “An bhfeiceann tú dadaidh fuithe”.
[“Cím]? buadhall sealga”
“Tarraing amach chugam é”, arsa Oisín.
Thoisigh sé a shéideadh ar an bhuadhall agus thoisigh an seilg a cruinniú anoir agus aniar thart fa dtaoibh daobhtha.
“Cím bheathach sonnruigheach ag teacht aníos an gleann ionnsorainn”, arsa an buachaill, “nach bhfaca me a mhacsamhail ariamh”.
“Leig an chú ann”, arsa Oisín agus leig. Chuaidh sé [gus]? mharbh sé an beathach fiadhan
“Tá an cú ag tarraint arais orainn ins na fatha fásaidh” arsa an buachaill.
“Tabhair damh cloch agus seasuigh romham”, arsa Oisín.
“Nuair a bhéas sí fá fhad urchar dúinn innis damh”. Chaith Oisín an chloch agus thuit an chú marbh. “Níor bhac dúinn í a mharbhadh” arsa Oisín, “na bhfuair sí baoghal an a sáith sealga”.
“Is fada ó fuair mé mo sháith de mo sheilg féin”, arsa seisean. “Fan thusa annseo orm”.
Tharraing sé anuas ar an áit a rabh an beathach agus thoisigh a ithe. D’ith sé a sáith agus annsin thug sé leis ceathramha do. Nuair a chonnaic an buachaill goidé bhí deanta aige bhuail scannradh é agus theich sé.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Eoin Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann