Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)

Suíomh:
Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Antoin Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 140

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 140

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cineal Conaill
  2. XML Leathanach 140
  3. XML “Níon Chormaic Mhic Airt”
  4. XML “Eachtraí Oisín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus gur bruitheadh é ar deilgneaca an droighin.
    Dubhairt sé gur codluigh sé i gcruaich nach rabh deanta ach go dtí an sgiomall agus go rabh creafóg na Sasana greamuighthe do bhuinn a chuid bróg.
    Dubhairt Cormac annsin cibé rud a d'iarrfadh sé air go bhfuigheadh sé é.
    Dubhairt sé gur mhaith leithe Lomadán Mac Lamadán a phósadh agus posadh iad.
    (Eóin Peadar (Eoin O Gallchobhair) Mín Doire na Sluagh, Ath na gCoire, 71 bliadna a d'innis domh é ar an 21/8/36 agus e amuigh sa cuibhreann ag baint a chuid coirce. Tá mé ag meas go rabh cuid mhór Fiannaidheachta aige)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Nuair a chuaidh Oisín go Tír na nÓg bhí sé ann tamall maith. Sa deireadh thainic cumhaidh air agus ba mhaith leis na Fianna a fheiceal arais.
    Annsin thug a bhean fáinne do. Dubhairt sí dá gcailleadh sé sin go n-eireochadh sé dall. Chuir sí a mharcaidheacht ar each bhán é agus dubhairt leis dá dtuiteadh sé de sin go ndeánfaidhe seanduine críon liath de.
    D'imthigh Oisín leis ach ní thiocfadh le duine ar bith sgéala thabhairt do fa na Fianna. Bhí siad marbh le fada ach ní rabh fhios aige san go rabh sé an fad sin (?) ar shiubhal.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.